Sraith Shacair 2010|Soccer League 2010

Foireann na SraitheDream Team 2010

Sa Chúl Aodán Fullam Rang 5 (Uragua)
Cúlaithe Zac Céitinn Rang 6 (Uragua), Kristin Batan Rang 5 (An tSeapáin) Clodagh Ní Pheairicín Rang 3 (Camarúin)
Lár na Páirce Chemi Kanwei Rang 1 (Nua Shéalainn), Liúc Ó Muirthile Rang 3 (An tSile), Conor Ó Faoláin Rang 1 (An Ailgéir)
Tosaithe Lorcán Ó Muithile Rang 4 (Uragua), Niamh Ní Dhubhshláine Rang 1 (Na Stáit Aontaithe), Tóibí Siloko Rang 2 (An Aifric Theas)

Phioc Sam Ó Móráin, Jack Ó Broin agus Aodh Ó Conchubhair foireann na sraithe.

An tSraith ShacairLeague Table (23 MeitheamhJune 2010)

Sa BhaileAway As BaileHome IomlánGoals
FoireannTeams P W D L F A W D L F A F A GD Pts
1 Nua Shéalainn 22 7 1 3 45 29 6 4 1 41 28 86 57 29 44
2 Uragua 22 7 2 2 37 19 5 2 4 29 35 66 54 12 40
3 Na Stáit Aontaithe 22 7 1 3 48 29 5 1 5 40 34 88 63 25 38
4 Paragua 22 6 2 3 40 38 6 0 5 51 57 91 95 -4 38
5 An tSile 22 7 2 2 58 37 4 2 5 46 45 104 82 22 37
6 An Aifric Theas 22 5 1 5 34 45 4 2 5 33 34 67 79 -12 30
7 An tSeapáin 22 3 6 2 33 28 4 2 5 43 38 76 66 10 29
8 Hondúras 22 5 3 3 45 41 2 3 6 45 49 90 90 0 27
9 An Camarúin 22 5 2 4 43 45 3 0 8 28 37 71 82 -11 26
10 An Ailgéir 22 3 2 6 35 50 3 2 6 33 40 68 90 -22 22
11 Meicsiceo 22 4 2 5 42 50 0 6 5 37 58 79 108 -29 20
12 An Astráil 22 3 2 6 37 44 2 2 7 29 42 66 86 -20 19

.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 14 MeitheamhJune 2010
Tá breis is 130 cluiche imirte againn sa sraith sacair agus seo mar a chríochnaigh na foirne. Bhain Nua Shéalainn barr na sraithe amach agus d’eirigh leis an gcéad ocht bhfoireann na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach.

We have completed over 130 games in the school league and here is the table as it finished. New Zealand finished on top but the first eight teams qualified for the knock-out stage. After a series of quarter finals and semi finals the final will take place on Wednesday, 23rd June 2010 in Tramore AFC Astroturf pitch at 1.15pm, between Na Stáit Aontaithe and Uragua.

Cluichí Ceathrú Ceannais

Uragua 4 – 0 An Aifric Theas
Gan Iordan Mac Cáthaigh sna tosaithe bhí na hAifricigh gan an faobhar a bhí ag teastáil agus bhí bua éasca ag Aodán Fullam agus a chomhleacaithe.

Hondúras 3 – 3 An tSile
Bhuaigh Hondúras 2 -1 ar chiceanna éirice

An tSeapain 1 – 2 Nua Shéalainn
Ní raibh ach cúigear ar fhoireann Nua Shéalainn agus agus fós d’eirigh leo éacht a dhéanamh le Aodh Ó Conchubhair ag fáil an dá cl.

Paragua 1 – 3 Na Stáit Aontaithe
Aodán ó Broin a bhfuair an cúl a chuir na Stáit sna cluichí leathcheannais.

Na Cluichí Leathcheannais ar an Astro turf

Nua Shéalainn 3 – 4 Na Stáit Aontaithe
Elijah Nyangasi le cúl ag an nóiméad deireannach a bhuaigh an cluiche seo. Aisia Ní Mhórdha, laoch an chluiche.

Uragua 6 – 4 Hondúras
Cé a dúirt go raibh an t-ádh le Hondúras. Bhíodar 3-0 thíos agus Aleics Mac Comáin a d’aimsigh an dá chúl le iad a chur ar ais sa chluiche ach bhí Lorcán ar fheabhas sna tosaithe do Uragua. Beidh Uragua mar rogha na coitiantachta sa chraobh. Beidh an craobh ar siúl ar an gCéadaoin an 23ú lá ag tosnú ag 1.15.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 9 MeitheamhJune 2010

Na stáit Aontaithe 3 – 2 Meicsiceo
Deirimid slán leis na bandítónna tragóideach le cluiche eile a chaill siad tar éis a bheith chun tosaigh. Tá na Stáit go maith go háirithe Niamh Ní Dhubhshláine, Rang 2.

An Aifric Theas 3 – 0 Camarúin
Deacair a thuiscint go raibh na Camarúnaigh gan a gcaptaen don chluiche tábhachtach seo. Cá raibh tú Ryan?

An Ailgéir 2 – 0 An Astráil
Conas gur féidir na buachaintí teacht chomh éasca ag an deireadh ag Lumi agus a chairde. An gcáileoidh siad dos na craobhacha? Má tharlaíonn beidh sé ina míoruil dochreidte ach nach deas an smaoineanh é?

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 8 MeitheamhJune 2010

An Ailgéir 4 – 3 Paragua
Cluichí meabhrach ar siúl ag na hAilgéirigh agus Sam bocht mearbhallach. Bua iontach an bhfuil deis ag na hAilgéirigh fáil isreach sna craobhacha.

An Aifric Theas 4 – 2 Stáit Aontaithe
Deir daoine áirithe nach bhfui aon mhaitheas sna Stáit. Tar éis an chluiche. seo b’fhéidir go bhfuil an ceart acu.

Hondúras 4 – 3 An tSile
Bua tábhachtach le cul ciniúnach sa nóiméad deireannach.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 4 MeitheamhJune 2010

Nua Shéalainn 2 – 0 Na Stáit Aontaithe
Tá mullach clár na bpointí dheimhnithe ag Nua Shéalainn le bua éasca ar na Stáit Aontaithe a bhi gan roinnt mhaith imreoirí inniu.

Meicsiceo 1 – 1 Hondúras
Réiteoir nac bhfaca cúl agus na bandítonna ar chomhscór arís.

An tSeapáin 0 – 3 Uragua
Bua cinniúnach do Uragua leis na Seapainigh ag súil anois gur féidir leo fanacht chun tosaigh ar an gCamarúin.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 3 MeitheamhJune 2010

An Ailgéir 3 – 3 An Aifric Theas
Chuaigh an Ailgeir chun tosaigh ach arís scaoileadar isteach dhá chul éasca. Sin an fáth go bhfuil siad ag bun na sraithe fiú leis na himreoirí acu.

Uragua 4 – 3 An Astráil
Fuair Lorcán cul laistigh de cúig sheicond agus d ‘eirigh leis na Cangarunna teacht ar ais. Ach Scott Widger le OG uafásach a chaill é don Astráil.

An Chamarún 3 – 5 Hondúras
Hondúras chun tosaigh ón tús agus iad ag iarraidh áit a fháil sna cluichí craoibhe.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 2 MeitheamhJune 2010

Na Stáit Aontaithe 8 – 3 Hondúras
Niamh o Rang 2 laoch an chluiche agus na Stáit Aontaithe ag teacht aniar aduaidh ar na foirne eile le ruathr go barr clár na bpointí.

Camarúin 3 – 7 Paragua
Calum Condon laoch an chluiche agus Paragua sa dara áit ag barr na sraithe. An mbeidh siad in ann an mhullach a shroichint le cluiche amháin eile le himirt acu.

Nua Shéalainn 5 – 1 An Astráil
Chemi laoch an chluiche aris dos na Ciwianna. An bhfuil siad dochloíte anois?

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 1 MeitheamhJune 2010

An tSeapáin 2 – 2 An Astráil
Tá rudaí ag eirí gruama dos na Seapánaigh níl ach 1 pointe as 6 faighte acu le dhá chluiche anuas. B’fhéidir nach bhfuil sé iontu.

Camarúin 2 – 2 Nua Shéalainn
Déanfaidh an pointe seo cúis don Nua Shéalainn. “Seo linn go barr na sraithe”, arsa Aodh Ó Conchubhair.

An Ailgéir 3 – 1 Na Stáit Aontaithe.
Tá cealg mharfach in eireaball na hAilgéire. B’fhéidir go bhfuil siad ag bun na sraithe ach is féidir leo dochar a dhéanamh fós. Caithfidh na Stáit Aontaithe na cluichí I lámh a cu a aistriú go pointí anois agus an tsraith ag teacht go buaicphointe.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 31 BealtaineMay 2010

Paragua 5 – 4 Hondúras
Bhí Darren i Rang 1 an chéad cúl do Honduras ach nuair a d’imgh Eoin den phairc chaill siad a dtreo. “Cad is féidir lim a dhéanamh”, arsa Eoin.

Camarúin 3 – 2 An tSeapáin
Bua cinniúnach do na Camarunaigh. Dónal Ó Conchubhair mar laoch an chluiche.

An Aifric Theas 4 – 4 An Astráil
‘Níl sna Aificigh ach paca Síleanna’, arsa Tom ó Broin

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 28 BealtaineMay 2010

Paragua 2 – 15 An tSile
Liúc Ó Muirthile laoch an chluiche agus an tSile ar mhullach clar na bpointí.

Na Stáit Aontaithe 2 – 0 Uragua
Bhí Niamh Ó Dubhshláine I rang a dó go hiontach inniu ina chluiche.

Hondúras 7 – 7 Astráil
Tá na Cangarúnna níos fearr gan Tom Ó Broin agus é ar fionnraí. Tá an meath ag leanúint le Hondúras.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 26 BealtaineMay 2010

Hondúras 1 – 1 An tSeapáin
Beidh Hondúras agus an tSeapain ar buile mar nár aimsigh ceachtar acu an cul cinniúnach a bhéarfaidh an tri phointe leo. Fágtar anois go bhfuil an dá fhoireann seo I lár clár na pointí agus ag rith amch as cluichí!

Nua Shéalainn 0 – 2 Camarúin
Chemi Kanwei mar laoch an cluiche ach fós níor eirigh le Nua Shéalainn a áit ar mhullach clár na pointí a dhaingniú.

An Astráil 7 – 3 Meicsiceo
Jack Ó Broin mar laoch an cluiche agus fós leanann sleamhnú marfach na bandittos go bun clár na bpointí.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 25 BealtaineMay 2010

Nua Shéalainn 2 – 1 An Ailgéir
Bua conspóideach le cic éirice a thug an bua tábhachtach seo do fhoireann Nua Shéalainn.

An Aifric Theas 5 – 4 An Astráil
Dhá fhoireann anseo atá ag imirt amhail is go bhfuil an tsraith thart. B’fhéidir go bhfuil sé ach ní foláir dóibh gach iarracht a dhéanamh na cluichí craoibhe a aimsiú.

An tSile 5 – 3 Meicsiceo
Tairne eile i gcónra Mheicsiceo. Tráth dá raibh criochnóidís ar chomhscór ach ní feidir leis na bandittos é seo a bhaint amach fiú.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 24 BealtaineMay 2010

An Nua Shéalainn 7 – 0 Uragua
An bua a chuireann na KIWIS go barr na sraithe. ‘Gurbh fhada buan sinne ann,’ arsa Aodh Ó Conchubhair.

An tSeapáin 7 – 0 An Aifric Theas
Banzai tá na Seapáinigh ag teacht.

Hondúras 3 – 4 An Astráil
Tá na rotha ag titim den wagaon ag Hondúras agus an Astráil ag dreapadh clár na bpointí. Gday méit!!!!

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 21 BealtaineMay 2010

An tSeapáin 4 – 3 Hondúras
Chailliúint tubaisteach do Hondúras le cúl amháin. Tá an rith go barr an tábla stopaithe.

Na Stáit Aontaithe 8 – 7 Paragua
Ta Paragua titithe ó bharr an tábla agus a réim anois i mbaol.

Uragua 2 – 0 An Chamarúin
Bua iontach do Uragua a ardaíonn iad go mullach clár na bpointí. Ar difir cúil.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 20 BealtaineMay 2010

An tSile 8 -5 An Astráil
Na Cangarúnna ag tóin an tábla arís agus de réir mar atá siad ag imirt is mar sin a bheidh sé ag an deireadh. Who’ll go a Waltzing Matilda with me…

Uragua 3 – 0 An Ailgéir
Ní raibh seans ar bith ag an Ailgéir le Lumi Kanwei ar fionnraí. Cén fáth go mbíonn tú ag troid a Lumi, a chroí?

Meicsiceo 2 – 2 An tSeapáin
Scaoileann Meicsiceo isteach na cúil go ró-éasca.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 19 BealtaineMay 2010

Nua Shéalainn 10 – 2 An Aifric
Morgan Ó Leochain imithe den bpáirc de bharr dhá charta buí. Tá foireann Aifric Theas imithe as smacht agus cad aon radharc acu ar an sraith. Tá sé mar a bheadh ceo liath ar a súile.

An tSile 5 – 5 Meicsiceo
Comhscór arís do na bandítónna. Ní haon chabhair an aon phointe tuillte ag ceachtar den dá fhoireann

Paragua 2 – 1 An Camarúin
Bhí bua I bhfad níos éasca ag Paragua ná mar a léiríonn an scór seo.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 18 BealtaineMay 2010

Nua Shéalainn 2 – 1 Hondúras
D’imir Abbie, Rang 3 ardchluiche do Hondúras ach d’eirigh leis an Nua Shéalainn an bearna a dhúnadh leis an Paragua.

An tSile 5 – 4 An Ailgéir
Tri chul chun tosaigh agus chaill an Ailgéir arís. An bhfuil deireadh ag teacht lena aiseirí?

Na Stáit Aontaithe 5 – 0 An Astráil
Conas gur bhuaigh an Astráil inné agus chaill siad inniu? Thuas agus thíos sin an saol dos na Cangarunna.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 17 BealtaineMay 2010

An Astráil 4 – 2 Paragua
An bun in aghaidh an bhairr agus bhuaigh an Astráil. Iontas na n-iontas agus feicim muca ag eitilt agus an bó ag léimt thar an ngealach. Bhí argóint faoin réiteoir ach sheas an toradh.

Meicsicei 3 – 3 Uragua
Tá níos mó cártaí buíthe ag Joe ná aon duine eile sa sraith. Bailíonn sé cártaí mar a bheadh a bhreithlá ann.

Camarúin 1 – 0 Na Stáit Aontaithe
Bhí Riain ó Rang 6 go maith ach fuair Liúc Ó Conchubhair an cúl a scar na foirne.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 14 BealtaineMay 2010

An tSile 4 – 2 An Astráil
Bhí deis ag na Kangarúnna cluiche eile a bhuachaint anseo ach bhí an Astráil róláidir.

An tSeapáin 0 – 4 Uruagua
Na Seapáinigh imithe chun donais ar fad le cailliúnt eile. Ní raibh a chúl báire, Conall de Paor acu.

An Ailgéir 5 – 4 An Camarúin
Cluiche conspóideach le beirt díbrithe le cártaí dearga. Le og ó Abbie bhuaigh an Ailgéir.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 13 BealtaineMay 2010

An Ailgéir 6 – 4 Meicsiceo
Joe de Bhard agus an béal dostoptha!! Chaill sé 9 nóiméad den chluiche de bharr a chaint as Béarla. B’í Liadain sa chúl don Ailgéir laoch an chluiche.

Na Stáit Aontaithe 3 – 1 Camarúin
Bhí Aodán ó rang 1 go maith na Stáit Aontaithe ach b’é Liúc Ó Conchúir ó Rang 4 laoch an chluiche.

An Astrail 5 – 5 Uragua
Caithfidh na hAstráiligh níos mó cluichí a bhuachaint. Go háirithe leis an Ailgéir anois ag dreapadh clár na bpointí. Níl Cuma maith ar an scéal dos na Cangarúnna má leanann siad ar aghaidh. Fuair Lorcán Ó Muirthile laoch an cluiche.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 12 BealtaineMay 2010

Nua Shéalainn 6 – 3 Paragua
Chemi Kanwei a bhfuair na cuil do Nua Shéalainn agus ina dhiaidh bhí cosaint cróga ó Saidhbh rang 4. Is féidir Paragua a chloí anois caithfidh na foirne eile foghlaim.

Stáit Aontaithe 2 – 2 An tSeapain
Níor ghéill siad go bás sa dara chogadh domhda agus inniu throid na Seapainigh go dtí an nóiméad deireannach nuair a bhfuair Dónal cic éirice.

Meicsiceo 1 – 9 An Aifric Theas
Ná bac le Morgan agus Iordan tá Conor Ó Broin i rang 1 ar fheabhas don Aifric Theas. Caithfidh na banditto foghlaim arís conas buachaint. Tá dropchghiúmair ceart ar an bhfoireann agus titeann an lug ar an lag orthu go héasca. Caithfidh ceacht a fháil ón Seapáin faoi troid go dtí an deireadh.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 11 BealtaineMay 2010

Na Stáit Aontaithe 6 – 3 Hondúras
Tar éis bua iontach inné tá na Stáit Aontaithe anois tar éis iomaitheoirí eiile a cloí nuair a bhfuair sias an lámh in uachtar ar Eoghan Ó Dálaigh agus Hondúras. D’imir Eoghan ar fheabhas ach ní raibh an t-ádh leis le Elijah agus Dúána ag fáil na cúl do na hiolair.

An tSile 3 – 3 Nua Shéalainn
Ritchie ó rang a 5 a bhí mar laoch an chluiche inniu ag Nua Shéalainn. Chaill siad talamh ar Pharagua ar bharr na sraithe.

Meicsiceo 4 – 6 Paragua
Meicsiceo in ísle brí arís. Chaill siad cluiche ba chóir dóibh buachaint le Michael Mac Fhionnlaoich gortaithe.Fuair Joe de Bhard cárta buí mar gheall a bhéal.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 10 BealtaineMay 2010

An Uragua 0 – 6 Camarúin
Léasadh ceart faighte ag Uragua ó Antóin Mac Amhlaoibh agus a Chamarúnaigh. Tá cluichí le himirt fós ag an Camarúin an é go mbeidh siad ag dreapadh clár na bpointí

Na Stáit Aontaithe 14 – 2 Meicsiceo
Meicsiceo in umar na haimhléise le cailliúnt uafásach nach gcabhróidh lena difir cúil.

An Ailgéir 3 – 3 An Aifric Theas
A chéad cluiche ag Cian don Ailgéir agus bhí sé mar laoch an chluiche.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 7 BealtaineMay 2010

Uragua 5 – 2 Nua Shéalainn
Laoch an chluiche Aodh Ó Conchubhair ach níorbh leor a ghaiscí mar go bhfuair Lorcan agus Aodán Fullam na cuil do Uragua.

Meicsiceo 2 – 2 Hondúras
Cluiche conspóideach a chríochnaigh 3-2 ach rinne Antóin Rang 4 botún mar réiteoir agus tar éis achomhairc leasaíodh an scór go 2-2.

Paragua 3 – 1 An Aifric Theas
De bharr imeacht Morgan Ó Leochain thapaigh Paragua an deis trí phointe eile a phiocadh suas.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 6 BealtaineMay 2010

An Ailgéir 2 – 3 An Astráil
D’ardaigh an Astráil iad féin ó bhun clar na bpointí leis an mbua diantuillte seo in aghaidh a chomhbhuachaillí léasa An Ailgéir. Tá ráflaí ag imeacht timpeall faoi imreoir nua ag an Ailgéir. Tá daoine de dhíth go géar orthu.

Hondúras 4 – 2 An Aifric Theas
Cárta dearg do Iordan Mac Cárthaigh an dara tubaist don Aifric Theas. Ní raibh siad in ann do Aleics Ó Comáin agus Darren Ó Conchubhair sna tosaithe ag Hondúras. Táthar ag lua Hondúras anois mar bhuaiteoir na sraithe. An dtarlóidh sé? An bhfuil beatha tar éis báis?

Uragua 3 – 4 An tSile
Tá an tSile an-mhaith ag goid cluichí. Tá siad cloíte agus ansin faigheann siad cúl conspóideach ag druidim le deireadh. An bhfuil breabanna á thabhairt acu do réiteoirí? Leis an sraith seo a bhuachaint ní leor cúil chonspóideacha.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 5 BealtaineMay 2010

Uragua 2 – 3 Paragua
Ar ais ar bharr clár na bpointí tá sam agus a fhoireann ar mhuin na muice.

Na Stáit Aontaithe 5 – 5 An tSeapáin
Suas 3-0 agus lig na Seapáinigh iad ar ais sa chluiche.

An Ailgéir 3 – 4 Meicsiceo
Conas nár bhuaigh an Ailgéir an cluiche seo le Conor Ó Faoláin go hiontach sna cúlaithe.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 4 BealtaineMay 2010

Aifric Theas 6 – 3 An tSile
Laoch an Chluiche ná Eoin Ó Faolain ó Rang 5. Bhí sé go hiontach sa chul mar chúl báire.

Nua Shéalann 5 – 3 An Ailgéir
Gearántaí faoin réiteoir anseo ach ba é Seán Ó Cruadhlaoi rang a trí, laoch an chluiche.

Camarúin 4 – 4 Meicsiceo
Chomhscór arís ag Meicsiceo ach d’eirigh leo stop a chur le rith na Camarúnaigh. Laoch an Chluiche Muireann Rang 5.

Nua Shéalainn 5 – 0 An tSeapáin
Thíos seal thuas seal sin scéal na Seapáine. Chaill siad inniu tar éis bua iontach inné. Chemi a bhfuair na cuil do Nua Shéalainn b’é laoch an chluiche.

Honduras 7 – 5 Paragua
Aleics Mac Comáin a thosnaigh an scrios ar Pharagua. An é seo tús an deiridh do Sam agus a laochanna. Tá Nua Shéalann ag teacht. Chloe Rang 3 an cúl báire do Pharagua a bhí mar laoch an chluiche.

Uragua 6 – 0 An tSile
Tá deireadh anois le comhscóranna Uragua tá siad tar éis foghlaim conas buachaint. Is mór an trua é don tSile. Bhí Cian Ó Caoimh go hiontach agus b’é laoch an chluiche.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 29 AibreánApril 2010

An tSeapain 7 – 6 Paragua
Dónal Ó Conchubhair, Pele, an fear arís don Seapáin. Trí chúl agus Paragua cloíte ag an laoch ó Rang 2. Bhí Paragua gan a chaptaen Sam ach d’imir Jonah go maith ag fáil cúil.

An Aifric Theas 6 – 5 Meicsiceo
Coimhlint géar idir Morga Ó Leochain agus Jack Ó Broin agus bhuaigh Morgan ag fail 4 chuil in aghaidh 3 chinn ag Jack.

An Astráil 4 – 7 An Camarún
Bhí Finn ag imirt rugbai leis an scoil inniu agus bhí an Astráil caillte gan an t-inneall béil! Tá an Camarúin ar rith iontach faoi lathair agus an clár á dreapadh acu. Bí ag faire amach dóibh.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 28 AibreánApril 2010

An tSseapáin 2 – 3 An Aifric Theas
Píosa scil iontach ó Iordan Pele Mac Cárthaigh a rinne an difir sa chluiche seo. Ar ndóigh bhí Dónal Ó Conchubhair ar fheabhas ach tá dhá chluiche caillte ag an Seapain anois. An bhfuil sé in am don Hara Kiri?

An Astráil 2 – 3 Uragua
Dá mbeadh na cosa chomh maith ag ciceáil cuil ag Finn is atá a bhéal ag caint bheadh an Astráil I bhfad níos fearr.

An Ailgéir 3 – 7 Hondúras
Tá an tóin ag titim as séasúir na nAilgéireach.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 27 AibreánApril 2010

An tSeapáin 3 – 5 An Chamarúin
Dhá bhua i ndiaidh a chéile ag na Camarúnaigh, na leoin, an fada eile a leanfaidh an rith seo ar aghaidh?

Na Stáit Aontaithe 3 – 3 Uragua
Tá Uragua tar éis cluiche eile a fhágaint taobh thiar dóibh nó an é go bhfuil feabhas mór tagtha ar na hiolair?

Nua Shéalainn 3 – 1 An Aifric Theas
Tá bua tábhachtach faighte ag Nua Shéalainn tar éis dóibh a bheith cloíte ag Paragua tá na rotha ar ais ar an vaigín.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 26 AibreánApril 2010

An Camarúin 4 -2 An Ailgéir
Bhuaigh an Camarúin an cluiche seo tar éis dianchoimhlint agus tá siad tar éis na hAilgéire a léimt ar chlár na bpointí dá bharr.

Paragua 2 – 2 Uragua
D’fhág Uragua an cluiche seo taobh thiar dóibh. Bhí an t-ádh dearg ag Sam ó Mórain gan an cluiche seo a chailliúnt.

Na Stáit Aontaithe 5 – 2 An Astráil
Cad is féidir leis an Astráil a dhéanamh le cluiche a bhuachaint. Tá siad ag sleamhnú anuas clár na bpointí.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 23 AibreánApril 2010

Nua Shéalainn 3 – 3 Meicsiceo
Gan a chaptaen d’imir Chemi Kanwei go hiontach don Nua Shéalainn. Theip ar Shaoirse Nic Ingléis bua a fháil dá fhoireann ag an nóiméad deireannach mar a rinne sí inné.

Na Stáit Aontaithe 2-0 An tSile
Tá an-chuid cluichí imirthe ag an tSile anois gan go leor pointí tuillte acu. Bhuaigh na Stáit Aontaithe i gcluiche leamh leadránach. Deireannn Eoin Ó Faoláin, an réiteoir, gur beagnach thit sé a chodladh ag féachaint air!!!

An Ailgéir 1 – 3 Paragua
Ní féidir le Lumi Kanwei fiú stop a chur le Paragua. Fuair sé cúl inniu agus Liadain de Paor mar laoch an chluiche ach fós fuair Micheal MacFhionnlaoich agus Sam na cúil cinniúnacha do Pharagua. An bhfuil an sraith sa mhála acu cheana féin?

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 21 AibreánApril 2010

Meicsiceo 2 – 4 An tSeapáin
D’imir cúl báire na Seapáine an Ninja Conall ar fheabhas. Bhí sé mar Samurai ag stopadh gach iarracht ag Meicsiceo. Chaill siad Daithí ó Cinnéide I lár an chluiche mar gheall ar riail na dtrí chúl ach d’eirigh le Kristin Batan agus a scata Ninja stop a chur le Jack Ó Broin agus a banditto. Tá Meicsiceo i sáinn anois gan bua le tamaill.

Hondúras 2 – 2 Uragua
Muna bhfuil Aodán Fullam ar liosta Rafa Benítez le haghaidh cúl báirí nua níl ceart ná cóir sa saol. Bhí Aodán ar nós Spiderman sa chúl ag sábháil na hiarrachtaí azg Aleics Mac Comáin

An Uragua 7 -7 An tSile
Tar éis imeacht cun tosaigh scaoil An Ailgéir an tSile ar ais sa chluiche mar ní raibh siad in ann laoch an chluiche, Laoi Vernon, a choimead faoi smacht.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 20 AibreánApril 2010

Meicsiceo 5 – 6 Paragua
Tá Jack Ó Broin an-mhíshásta tar éis cailliúnt inniu. Beidh ar dul abhaile agus cúpla uair a chloig a chaitheamh i seomra dorcha le smaoineamh conas ar chaill Meicsiceo an cluiche seo. Chaill siad arís ar chúl amháin. Tá sé ag smaoineamh ar ghlaoch ar Roy Keane. Tá an siondróm céanna ag Ipswich Town.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 19 AibreánApril 2010

Stáit Aontaithe 6-1 Camarún
Na Stáit Aontaithe aiseirithe ón Marbh. D’eirigh leis na Stait Aontaithe aiseirí ón marbh inniu lena chéad bua sa sraith. Tá imreoir nua acu, Dúána Ní Chodlatán Lachtna ó rang 4. An amhlaidh go bhfuil Dúána tar éis an taoide a chasadh dóibh?

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 14 AibreánApril 2010

An tSile 1 – 2 An tSeapáin
Laoch an cluiche ná Conall de Paor don Seapain bhí sé an-mhaith ar cúl. Fuair Dónal Ó Conchubhair an cúl cinniúnach.

Meicsiceo 6 – 6 Nua Shéalainn
Chriochnaigh an cluiche seo le cic éirice conspóideach. Leis an gclog buailte bhi deis ag Meicsiceo éa bhuachaint ach shábháil Ritchie an iarracht ag Jack Ó Broin. Cuireadh an athphreabadh sa chúl ach tois go raibh an clog buailte níor sheas sé mar scór.

An Astráil 6 – 7 An Aifric Theas
Cad atá cearr leis an Astráil agus iad ceangailte go bun an tábla fós? Chaill siad inniu bíodh go bhfuair Tom Ó Broin dhá chul.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 13 AibreánApril 2010

Camarún 10 – 9 Hondúras
D’imir Eoghan Ó Dálaigh ar fheabhas ag fáil 7 gcúl do Hondúras ach níorbh leor é.Eoghan Ó Dálaigh played an excellent match scoring 7 goals but it was not enough!!

Na Stáit Aontaithe 3 – 6 An Ailgéir
Lumi Kanwei laoch an cluiche agus d’ardaigh sé an Ailgéir ó bhun clár na bpointí.Lumi Kanwei lifts his Algeirians from the bottom of the league table.

An Astráil 2 – 4 Meicsiceo
Saoirse Nic Ingléis a d’imir go hiontach agus í ag súil le glaoch ó Alex Ferguson.Saoirse English display today will surely grab the attention of Alex Ferguson.

Tráchtaireacht ar an gCluicheMatch Commentary: 24 MártaMarch 2010

Aifric Theas 4 – 3 Uragua
Imreoir an cluiche: Conor ó Broin Rang 1. Bhí Conor go hiontach fuair sé cúl tharr barr

Meicsiceo 5 – 4 an tSile
Imreoir an cluiche: Cian ó Conchubhair Rang 5. Bhí Cian an-mhaith ach bhuaigh Meicsiceo.

Paragua 6 – 3 S.A.M
Bhí Hollaí an-mhaith agus fuair sí dhá cúil.

An Ailgéir 2 – 13 tSeapáin
Bhí Donal o Conchubhair ar fheabhas bhí sé ag fáil na cúil go léir, fuair sé ocht gcúl ina iomlán.

Hondúras 5 – 5 Uragua
Bhí zac o Céitinn ar fheabhas bhí sé ag imirt go hiontach fuair sé 5 cúl in iomlán.

Nua Shéalainn 7 – 4 Honduras
Imreoir an cluiche: Chemi kanwei. Bhí Ritchie ana maith ach bhí Chemi níos fearr.

Foirne SacairOfficial Team Listings

  • The official team listings for the 2010 soccer season are available here.

Season Previews

Dream Team – An Aifric Theas – Jack Ó Broin, Rang 5

Ceapaim go rithfidh an fhoireann seo abhae leis an sraith leis an tSeapan agus Meicsiceo beagán taobh thiar. Gheobhaidh Jordan lena scileanna seodmhara na cúil dóibh. Ní scaoilfidh Sean Ó Mhurcu mórán thar. Tá sé mar Vidic eile. An mbéarfaidh Morgan leis a pheil iontach le blianta anuas? Ní raibh Jordan fíormhaith le blianta anuas ach tá sé chun a bheith mar réalt mór i mbliana.

Ronaldo Beag i nGaelscoil Philib Barún – Morgan Ó Leochain, Rang 5

Is e meicsiceo ceann de roghanna na coitiantachta leis an sraith a bhuachaint. Siad Jack o Broin agus Saoirse ó rang cúig beirt da scothimreoirí. Le Joe de Bhard rang a 4 beidh sé deacair iad a stopadh ag breith an óir leo. Ní bheidh an Ronaldo óg ,Jack o Broin ábalta stop ag scóráil. Le Saoirse Nic Drogba chun thosaigh agus a gcaptaen iontach Robyn Nic Seoin beidh se deachair iad a chloí. Agus an sraith buaite acu i gcaoch na súl.