GAA Activities

Céitinn an laoch ach an Ghaelscoil cloíte sa Choill

Bhuamar ár gcluiche deireannach sa chomórtas peile fé 13 an Luan seo caite i gCoill Mhic Thomáisín. Cluiche deacair a bhí ann leis dá fhoireann ar chomh chaighdeán. D’imir ár dtosaithe go cliste agus ghnóthaíodar cúig chúl. Le Zac Céitinn ag imirt go hiontach mar lánchúlaí choimeádadar buachaillí Choill Mhic Thomáisín amach agus iad go mór faoi bhrú sna nóiméadaí deireannacha. Bhí orainn am breise a imirt le foireann buacach na rannóige a roghnú ach faraoir bhí ár n-imreoirí spianta agus bualadh sinne 1-3 go 0-0 sna deich nóiméad a imríodh.

Tá an-chreidiúnt ag dul do Sam Ó Moráin agus Morgan ó Leocháin i lár na páirce a d’imir gan sos ó thus go deireadh agus Aodh ó Conchubhair as a luas ar an liathróid.